Biography

Biography, Irish

Is beag ealaíontóir ag teacht chun cinn a tharraing aird an phobail cheoldrámaíochta idirnáisiúnta mar a rinne Tarra Erraught an meánsoprán as Éirinn. Ball den Bayerische Staatsoper, bhain sí ardmholadh amach go forleathan i bhFeabhra 2011, ar dtús sa ról teidil i léiriú nua de L’Enfant et les Sortilèges de chuid Ravel agus, sa mhí chéanna, ag glacadh páirt comhgleacaí breoite ar ghearrfhógra cúig lá, chun Romeo a imirt i léiriú nua de I Capuleti e i Montecchi de chuid Bellini. Thuill an t-éacht deireannach úd ardmholadh ar fud an domhain do Ní Erraught.

Le roinnt séasúr anuas, tá clú idirnáisiúnta Ní Erraught ag fás de shíor, agus i séasúr 2013-2014 treisítear sin le chéad thaibhiú domhanda amháin, tri chinn de chéadligean róil, a dara thuras ar SAM agus mórán eile. I measc na dtaispeántas fós le teacht i ndara leath an tséasúir, beidh céadligean róil Ní Erraught mar Sesto i La Clemenza di Tito de chuid Mozart, leis an Bayerische Staatsoper i Munich, agus ina dhiaidh sin ath-imirt sa Mháirt ar a ról ardhmholta mar Angelina i La Cenerentola de chuid Rossini. Ansin téann sí go dtí na Stáit Aontaithe i gcomhair turas ceadail ceithre cathrach, ina measc The Broad Stage i Los Angeles, Sraith Chumann Ceoil Ollscoil Ann Arbor, Sraith Cheadal Ollscoil Stáit Clayton i Morrow, agus Feis Ceoil Savannah (freisin i Georgia). Fillean Ní Erraught ar an RA chun a céadligean ceadail RA a dhéanamh i Halla Wigmore Londan in Aibreán, agus ansin chuig Glyndebourne i mBealtaine agus sa Mheitheamh ina céadligean róil mar Octavian i Der Rosenkavalier. I measc taibhithe eile fógraithe don samhradh, beidh taibhiú ceolchoirme sa Mheitheamh i Munich, leis an Bayerische Staatsoper, agus an Trio ó Der Rosenkavalier ar an gclár, agus in Iúil, an dara seisiún de thaibhithe La Clemenza di Tito ag Münchner Opernfestspiele 2014.

I measc taibhithe Fómhair 2013, bhí cruthú ról Kitty i gcéad thaibhiú dhomhanda A Harlot’s Progress de chuid Iain Bell ag Theater an der Wien, a thuill ardmholadh. D’ath-imir sí freisin a ról mar Hänsel i Hänsel und Gretel de chuid Humperdinck leis an Bayerische Staatsoper. Níos luaithe i 2013, chan Tara Erraught ról Nicklausse/The Muse i Les Contes d’Hoffmann de chuid Offenbach, leis an Bayerische Staatsoper i Munich, agus ina dhiaidh sin ceadal ag Nymphenburg Sommer mar chomóradh 10 mbliana na féile. I measc taibhithe le teacht, beidh céadligean Ní Erraught ag na BBC Proms, agus a céadligean stáitse ag Washington National Opera.

I measc na dtaibhithe is suntasí i 2012-2013, bhí séasúr céadligean Ní Erraught, in aois 26 bliain, ag an Wiener Staatsoper, áit inar chan sí Il Barbiere di Siviglia sa bhfómhar, chomh maith le céad thaibhiú léiriú nua de La Cenerentola go luath i 2013,a thuill ardhmholadh. I Munich, chan sí i léiriú nua Hänsel und Gretel chomh maith le a céad thaibhithe de Die Fledermaus mar an Prionsa Orlovsky agus de Les Contes d’Hoffmann mar Nicklausse. In earrach 2013, bhí rath ar a céad thuras cheadail go Mheiriceá Thuaidh. Thuill sé onóir freisin, nuair a bhronn rialtas na Baváire ardghradam Pro meritis scientiae et litterarum uirthi, mar aitheantas dá cion sna healaíona. In aois 26 bliain, ní hí ach an cúigiú ceoltóir, agus an té is óige ar bith, a bhain amach an gradam seo ó cuireadh tús bliantúil leis i 2000.

Is as Dún Dealgan in Éirinn di, bhain Tara Erraught céim amach ó Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath agus tá sí ina ball de stiúideo an cheoldráma ag an Bayerische Staatsoper i Munich ó 2008 i leith. Le linn samhraidh 2010 ghlac sí páirt in éineacht le Jean-Yves Thibaudet, pianódóir Francach ar cháil idirnáisiúnta, i gceolchoirm Prinsengracht, a teileachraoladh ó chanálacha Amsterdam, agus rinne sí a céadligean ag Glyndebourne Festival Opera. Bhuaigh Ní Erraught an Chéad Duais i gComórtas Idirnáisiúnta Amhránaíochta Jakub Pustina i bPoblacht na Seice, chomh maith le Duais Lucht Éisteachta Zdarnad Sazavou i mBealtaine 2008. Sa bhliain céanna bronnadh uirthi Duais Mhór-Cheoldráma Houston agus Duais Cheoldráma Náisiúnta Washington ag Comórtas Idirnáisiúnta Amhránaíochta Hans Gabor Belvedere i Vín. I Máirt 2010 fuair sí Gradam Rising Star an Cheolárais Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Tá Gradam Dermott Troy buaite aici freisin don Amhránaí Éireannach is Fearr.

Measann Ní Erraught go bhfuil an t-áth léi leanúint dá staidéir i mBaile Átha Cliath le Veronica Dunne, soprán adhmholta an Royal Opera, a bhí i gcónaí mar fhórsa treoir di ina gairmréim ceoil. I Munich, ina bhfuil cónaí uirthi, tá sé de phribhléid aici obair ar a repertoire reatha le Brigitta Fassbaender, an meánsoprán Gearmánach clúiteach.